Tá roinnt mhaith blianta caite agam ag múineadh in UCD, in DCU agus le Gaelchultúr anois. Anuas air seo, bhíos i mo chuntóir eagarthóireachta do thionscadail taighde Fiontar ó thús 2010 go deireadh 2012. Le linn an ama seo d'oibríos i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta ar ábhar focal.ie, agus i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha ar ábhar logainm.ie. Chuireas cúnamh eagarhtóireachta ar fáil mar chuid den ról seo agus Téarmaíocht don Aontas Eorpach. Taithí na hÉireann: Tionscadal GA IATE (Cló Iar-Chonnachta, 2013) á scríobh agus á chur in eagar chomh maith. Tuilleadh eolais:
http://www.focal.ie/pdf/2013_bileog_eolais_IATE_GA.pdf agus http://goo.gl/mLzwW)
Déanaim roinnt oibre le Mozilla ó am go ham (is Mozillian mé!), chomh maith le hobair logánaithe agus aistriúcháin a dhéanamh do shuíomhanna Idirlín, d'fheidhmchláir agus do chluichí ríomhaireachta.
(Nascanna le teacht go luath).
Táim ag cuidiú le húdar de chuid LeabhairComhar a leabhar a chur in eagar faoi láthair freisin.
(Ní scaoilfidh mé rún ar bith faoin leabhar go fóillín beag!)
Más maith leat teacht i dteagmháil liom faoi aon chuid den ábhar seo, nó mar gheall ar ábhar eile, seol rphost chugam ag michealomeachair ag gmail ponc com.
Is féidir teagmháil a dhéanamh liom ar Twitter freisin, @momeachair.
oOo