Rábhlóga don seomra ranga.
Is maith liomsa an liosta rábhlóga seo a úsáid sa seomra ranga le mic léinn a chur ag smaoineamh ar ghnéithe foghraíochta na Gaeilge.
Ábhar spraíúil éadrom sultmhar is ea é, agus is deas leis an chaon duine an mhálóideacht chainte corruair. Sílim!
Tá sé an-tábhachtach, agus an saol chomh gafa sin le rialacha gramadaí agus le structúr docht daingean daor an aistriúcháin fhoirmeálta, go gcuimhneoimid gurb ann don chaint fhoirmeálta; don chúlchaint; don mhionchaint; don fhilíocht; don iriseoireacht; don scéalaíocht agus don phriollaireacht i gcónaí. Gach réim ina réim féin agus gach atá cuí nuair is cuí.
Ní
liosta críochnúil é seo, dar ndóigh, ach tá tús agus léiriú ann ar an
sórt Gaeilge ar mhaith liomsa í a fheiscint ábharín níos minice ar na
saolta seo.
(Mo
mhíle leithscéal nach cuimhin liom cá as a tháinig an liosta seo chugam
an chéad uair, ach bíodh sé le rá go bhfuilim buíoch as agus gur
bhaineas dea-úsáid as!)
- Seacht sicín ag seasamh sa sneachta lá seaca.
- Fear fial flaithiúil é Flaithrí Ó Flannaile.
- Bhí banjo ag Joe agus bhí banjo ag bean Joe, ach is fearr go mór an banjo ag Joe go deo, ná an banjo ag bean Joe.
- Bhí cleas críonna cleasach ag cleasaí crua cliste.
- Is deacair stoca a stracadh trasna.
- Tá tuí ar thaobh an tí tuí atá thíos.
- Rug rón liath ar roc leathan rua.
- Ná bac le mac an bhacaidh, is ní bhacfaidh mac an bhacaidh leat.
- Tá neascóid ar ioscaid an easpaig, agus tá imní ar an easpag faoin neascóid atá ar a ioscaid.
- Ní péint dhearg a rinne dearg an deargadaol.
- Gé roimh ghé, gé i ndiaidh gé agus gé idir dhá ghé. Cé mhéad gé é sin?
- Fástar fataí fada go fairsing le feamainn.
- Ghlan Fiachra a fhiacla le taos fiacla.
- Chonac San Nioclás ag scátáil ar chlár scátála.
- Tá gruaig fhada rua ar an róbat ramhar rollta.
- D’ith damh dubh ubh amh ar neamh.
- Arsa Doug beag bog, “Rug gob beag bog gog beag bog.
- Bhí an bhean bheag bhocht breoite bruite leis an bhfliú.
- Rinne Máire gáire gan náire ag an fhaire i nDoire anuraidh.
- An bhfaca tú an bacach? Nó an bhfaca tú a mhac? Ní fhaca mé an bacach, ná ní fhaca mé a mhac, dá bhfeicfinnse an bacach, nó dá bhfeicfinnse a mhac, ní bhacfainn leis an mbacach, ná ní bhacfainn lena mhac.
No comments:
Post a Comment